Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
Episodes
100
28 July 2026
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
28 July 2026
An Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig agus John Sailor Ó Baoill ó Oileán Árainn Mhór.
Plé ar an scéal go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall deireadh a chur le dhá phost íoctha sna seirbhísí dóiteáin ar an oileán.
20 min
28 July 2026
Barrscéalta, clár iomlán, 28/07/2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga a chur i lathair ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
55 min
28 July 2026
An Garda Bríd Ní Chanainn ó Stáisiún Gardaí Bhealach Féich
Mír rialta leis na Gardaí faoi eachtraí a tharla sa chontae le seachtain agus eolas agus comhairle don phobal faoi chúrsaí sábhailteachta agus slándála.
7 min
28 July 2026
Conall Mac Corraidh, láithreoir agus léiritheoir na sraithe 'Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile'.
Cuirfear tús le sraith úr faisnéise anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu 'Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile' áit a ndíreofar ar Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta nó ADHD.
10 min
28 July 2026
Máire Uí Mhaolruaidh nó Máire Charlie Ned as na Doirí Beaga ó dhúchas ach a bhfuil cónaí uirthi i gContae Mhaigh Eo.
Meastar go raibh suas le 60,000 duine i gCaisleán a Bharraigh tráthnóna inné le fáilte a chur na bhaile roimh fhoireann na contae a bhain Craobh Sam Mhic Uidhir Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, bhí Máire i láthair tráthnóna inné.
5 min
27 July 2026
Seamus Ó Briain, ball de choiste Sean Scoil Ghort a’ Choirce
Tá coiste curtha ar bun le hobair athchóirithe a dhéanamh ar an tSeanscoil nó Teach an Cheoil ansin i nGort a Choirce.
10 min
27 July 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
27 July 2026
Danny Rua Ó Gallachóir, Máire Ní Fhearraigh agus Máire Uí Mhaolruaidh
Triúr as Dún na nGall, ach a bhfuil cónaí orthu i gContae Mhaigh Eo ag déanamh cur síos ar chuiche ceannais na hÉireann ina raibh bua iontach ag foireann peile Mhaigh Eo in eadán Ciarraí. D’éirigh leo Corn Sam Mhic Uidhir a bhaint i ndiaidh bearna de 75 bliain.
14 min
23 July 2026
Barrscéalta, Clár iomlán beo as Ailt An Chorráin.
Barrscéalta ag craoladh beo ó Ionad Pobail Ailt an Chorráin áit a bhfuil féile Ailt an Chorráin ar siúl, a cur i láthair inniu ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
56 min